English | Gaeilge

BAINEANN SCÉAL FLEETWOOD LE DAOINE CHOMH MAITH LEIS AN BPÉINT

Baineann sé le Andrew Doyle agus a mhic, Conor agus Brian, ar spreag a bhfonn cruthaitheachta iad chun an comhlacht a bhunú, agus a d’fhorbair le chéile an comhlacht péinte is mó in Éirinn. Baineann sé le Alex, mac Conor, a chaitheadh saoire an tsamhraidh ag obair taobh le roinnt mhaith den fhoireann reatha agus a bhí ina stiúrthóir comhlachta níos déanaí.

Baineann sé leis an bhfoireann ag Fleetwood, cuid againn atá anseo le níos mó ná 30, 40 nó 50 bliain. Daoine ar nós Maura McAteer, an fostaí is faide ar an bhfoireann, a tháinig chugainn sa bhliain 1968.

Agus baineann sé leis na teaghlaigh ar fud na hÉireann a bhfuil siopaí crua-earraí acu agus atá ag cur táirgí Fleetwood ar na seilfeanna ó na 1950idí i leith.

SPIORAD NA CEARDAÍOCHTA

Ainmníodh an comhlacht as an gcarr ab ansa le Andrew Doyle. An Cadillac Fleetwood as Meiriceá. Sheas sé do na luachanna inar chreid sé: ardchaighdeán gan sárú, innealtóireacht nuálach agus dearadh a tharraingíonn an tsúil. Is iad an cheardaíocht agus an muintearas atá ag croí Fleetwood inniu.

Comhlacht is ea é atá tugtha don ardchaighdeán agus don bharántúlacht, a bhfuil tuiscint ghéar aige ar an am atá thart agus súil ar an am atá le teacht. Tá trí ghlúin de chlann Doyle tar éis gach iarracht a dhéanamh chun péint den chéad scoth a tháirgeadh.

Nuair a cheannaíonn tú canna phéint Fleetwood, is féidir a bheith cinnte go dtagann sé go díreach ónar dteaghlach go dtí do theaghlach féin.

LAETHANTA LUATHA NA CUIDEACHTA

Bhí Fleetwood ar cheann de na ceannródaithe luatha agus Éire ag bogadh ó gheilleagar bunaithe ar an talmhaíocht go geilleagar bunaithe ar earnáil na tionsclaíochta sna 1950idí. Ba iad daoine ar nós Andrew Doyle a leag bunchlocha dhéantúsaíocht na hÉireann. D’oibrigh a theaghlach in éineacht le comhlachtaí teaghlaigh eile chun an todhchaí a chruthú.

Is cuimhin le Alex Doyle a athair ag fáil smaointe le haghaidh dathanna nua ar thurais go dtí na Stáit Aontaithe san am a bhí an chuid ba mhó den na seomraí suí agus seomraí leapa in Éirinn péinteáilte ar dhath an mhagnóilia!

THOSAIGH SÉ LE SCUABANNA PÉINTEÁLA

Níor tosaíodh an comhlacht le péint ach le scuaba, áfach. Sa bhliain 1950, ba ghnáth le Andrew Doyle dul isteach i lár na cathrach ar a rothar lena bheirt mhac chun fuíollghearrthóga stáin a bhailiú ó mhonarcha bhriosca Jacob’s. Ba i seid bheag taobh thiar de theach an teaghlaigh i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath a múnlaíodh an drámh-mhiotal i mbiannaí, na bandaí a choimeádann na guairí ina n-áit. Ó na biannaí tháinig scuaba – scuaba ealaíne ar dtús, agus ansin scuaba cosmaideacha a cheannaíodh leithéidí Max Factor, agus sa deireadh scuaba péinteála, atá fós á ndéanamh againn inniu.

I dtús báire, rinneadh na guairí as ribí róin agus cuireadh le hanlaí deasa adhmaid iad. Níos déanaí, bhí sé lárnach do rath Fleetwood go bhfanfadh na guairí ina n-áit. Gach lá d’fhaigheadh Conor Doyle samplaí de na táirgí a rinneadh an lá roimhe agus dhéanadh sé seiceáil ar bhosca amháin as gach beart. Ansin, dhéanadh sé na guairí a leathadh, agus dá dtitfeadh guaire ar bith den scuab, ghlaoití ar an maoirseoir…

INFHEISTIÚ MÓR I DTAIGHDE AGUS FORBAIRT

Bhí ag éirí go maith leis an gcomhlacht agus sa bhliain 1951 d’osclaíomar siopa agus an chéad cheardlann dár gcuid ar Shráid Mhaoilbhríde i mBaile Átha Cliath, áit a raibh scuaba ealaíne agus scuaba smididh á ndéanamh agus á ndíol againn. Ina dhiaidh sin d’osclaíomar monarcha sa Chabrach i dtuaisceart na cathrach. Ansin, sa bhliain 1954, bhog Fleetwood go dtí an Droichead Órga, Inse Chór, agus laistigh de chúpla bliain ba é an comhlacht ba mhó in Éirinn maidir le déantúsaíocht agus soláthar táirgí DIY, agus muid ag easpórtáil níos mó ná 500,000 scuab sa bhliain.

Agus an comhlacht ag méadú agus daoine nua ag teacht isteach, mhair an nasc teaghlaigh i measc na foirne. Nuair a thosaíonn daoine ag obair le Fleetwood, fanann siad agus ní rud neamhghnách é dhá ghlúin den teaghlach céanna a bheith ag obair taobh le taobh. Tá caidrimh ghrá Fleetwood, póstaí Fleetwood agus fiú leanaí Fleetwood feicthe againn.

Chinntigh foireann Fleetwood go scaipfí ainm an chomhlachta trasna an domhain, fiú nuair nach raibh siad ag obair go hoifigiúil. Agus é fostaithe mar dhíoltóir óg Fleetwood sa bhliain 1955, thaistil Tony O’Reilly go dtí an Afraic Theas mar chuid de thuras rugbaí Leoin na Breataine. Scóráil an cliathánaí, a bhí 19 d’aois ag an am, i mbua cáiliúil 23-22 os comhair slua de 95,000 duine agus ansin, ar shiúl ón bpáirc imeartha, rinne sé cinnte gur dhíol sé roinnt táirgí Fleetwood!

 

“FANANN SÉ GREAMAITHE NUAIR A ÉIRÍONN NA CINN EILE AS”

Bhí Fleetwood ar cheann de na chéad chomhlachtaí in Éirinn a bhí ag infheistiú go forleathan i dtaighde agus forbairt, agus, rud ab annamh ag an am, fostaíodh ceimiceoir chun líonaigh agus greamachán páipéar balla nua a fhorbairt. An toradh a bhí ann ná taos ‘a fhanann greamaithe nuair a éiríonn na cinn eile as’ – de réir fhógraí na linne.

Bhí méadú ag teacht ar easpórtálacha freisin agus go luath sna seachtóidí osclaíodh monarcha taobh amuigh de Kingston, Iamáice. Ba é Brian Kavanagh Senior a bhunaigh an mhonarcha, agus bhí Tom O’Connell á reáchtáil tamall ina dhiaidh sin, beirt a raibh gean orthu sa tionscal agus a rinne cairdeas le húinéirí siopaí crua-earraí ar fud réigiún Mhuir Chairib, chomh maith le húinéirí na siopaí rum!

OSCAILT MHONARCHA FLEETWOOD IN 1970

Ar ais in Éirinn, osclaíodh monarcha nua Fleetwood in Achadh an Iúir, Contae an Chabháin, sa bhliain 1970 chun rollóirí a dhéanamh agus frámaí a chur le chéile. Bhí spriocanna ní ba mhó ag Conor agus Brian Doyle don chomhlacht, áfach, agus bhí fonn orthu péint a chur le táirgí an chomhlachta.

Cuireadh Fleetwood Paints ar bun agus tháinig an chéad channa cúig lítear de phéint eibleachta neamhlonrach bhán as an líne tháirgthe in Achadh an Iúir ar an 12 Eanáir 1979.

MANA DÁR GCUID FÉIN

Fleetwood Lógó 1991

Go gairid ina dhiaidh sin, bhain Fleetwood clú agus cáil amach in Éirinn – a bhuí le ceoilín fógraíochta ar an raidió a bhí somheabhraithe agus a fhanann le go leor daoine sa lá atá inniu ann. Agus iad ina suí ag deasc oifige, d’oibrigh Conor Doyle agus an fear fógraíochta Bob McCabe ar leaganacha difriúla de mhana fógraíochta a rachadh i bhfostú i gceann na glúine ar fad agus a d’fhanfadh sa deich gceoilín fógraíocht ab ansa in Éireann go ceann blianta fada. Luaigh Fleetwood le duine ar bith níos sine ná 30 bliain d’aois agus is dócha go gcanfaidh siad leagan de seo…

Bhí leaganacha difriúla den fhógra sin le feiceáil ar feadh na mblianta. Bhí leagan Hollywood ann, fiú, a bhí tráthúil ag an am. Cuireadh an cheist an bpéinteálfadh Fleetwood seomra Sharon Stone bándearg le meaitseáil lena “basic instinct”. An freagra: “Fleetwood would”.

Tá rath an mhana seo ina eiseamláir de dhearcadh Fleetwood, mar atá, mar a bhí agus mar a bheidh i gcónaí: comhlacht teaghlaigh ina bhfuil foirne ag obair le chéile agus an teicneolaíocht ina cuiditheoir in áit a bheith ina bainisteoir.

ÉITEAS FLEETWOOD

Freddie Fleetwood. Cuid d’fhéiniúlacht branda ó na 1950idí

Tá seirbhís gan sárú ag croí an chomhlachta. Féachaimid ar ár gcustaiméirí mar bhaill de mhuintir Fleetwood. Bímid sásta nuair a bhíonn siadsan sásta. Déanaimid seachadtaí gach lá, tá seirbhís den chéad scoth ar fáil ónár saotharlann dathanna agus nuair a chuireann custaiméirí glaoch orainn is guth aitheanta cairdiúil a bheidh ag caint leo. Sin an fáth a bhfuil an oiread sin daoine tar éis fanacht linn ón chéad lá. Go deimhin, tá Alex Doyle ag obair anois le mic agus iníonacha na gcéad chustaiméirí sin.

Éiteas Fleetwood atá ann foirfeacht a bhaint amach sula bpléitear le hard-díolacháin. In ionad monarcha ollmhór a thógáil chun péint neamhshuntasach a dhéanamh, na spriocanna atá againn ná ardchaighdeán agus marthanacht. Péint a bhfuil cuma agus bailchríoch uirthi a mhaireann, atá éasca le húsáid agus a chlúdaíonn an dromchla go maith. Déantar – agus rinneadh i gcónaí – ár bpéint in Éirinn le haghaidh mhuintir na hÉireann.

COMHOIBRITHE MÓR LE RÁ THAR NA BLIANTA

Tá péint déanta ag Fleetwood do bhrandaí ar nós Tesco agus Dunnes Stores agus bhíomar ar cheann de na comhlachtaí ba thúisce a dhear coimeádán trédhearcach le ligeann do chustaiméirí an dath a fheiceáil níos fearr. Agus chruthaíomar ceann de na chéad phailéid “hint of…” a bhí lárnach sa bhorradh maisiúcháin le blianta beaga anuas.

Úsáideadh ár bpéint in a lán foirgnimh shuntasacha lena n-áirítear an tÓstán Shelbourne i mBaile Átha Cliath, Teach an Ardmhéara, geataí Áras an Uachtaráin, agus Coláiste Ríoga na Máinlianna. Rud eile a sholáthair Fleetwood ná an phéint dhubh don sainchomhartha Geata San Séamas, i ngrúdlann cháiliúil Guinness.

Rinneadh comhoibriú suntasach go minic i gcaitheamh na mblianta. Sa bhliain 2013 lainseáil Fleetwood an bailiúchán Popular Colours, comhpháirtíocht le mórdhearthóirí intí Éireannacha le pailéad nua-aimseartha de dhathanna intí a chur chun cinn. Sa deireadh bhí sé ina bhailiúchán dathanna ba mhó tóir in Éirinn.

Sa bhliain 2007 d’oibríomar le Jeff Banks, láithreoir den chlár teilifíse The Clothes Show, ar thaitin muga seacláid the leis agus é san oifig ar cuairt. Tugadh Lazy Paint ar an réimse nuálach ildromchla a cruthaíodh agus d’fhéadfaí í a úsáid ar rud ar bith ó bhallaí go miotal nó adhmad.

IS Í AN AIRE A THUGAIMID A DHÉANANN PÉINT SPEISIALTA

Agus tá an comhoibriú tábhachtach dúinn fós – mar gheall ar na comhpháirtíochtaí reatha leis na dearthóirí Arlene McIntyre agus Róisín Lafferty, a bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach acu, tá réimse againn de dhathanna atá tomhaiste go hálainn.

Táimid an-chúramach nuair a dhéantar an phéint, agus creidimid go bhfuil ár bpéint speisialta dá bhrí sin. Is féidir le ball foirne féachaint isteach in umar ollmhór péinte agus í ag an gcéim lánbhán agus tuigfidh sé nó sí cén dath a bheidh ar an bpéint sa deireadh. Is féidir leo feiceáil ó 50 méadar ar shiúl an bhfuil meaisín dár gcuid ag oibriú i gceart, ón bhfuaim atá á déanamh amháin.

Tá infheistíocht déanta againn i dteicneolaíocht ionas gur féidir linn seirbhís dath oiriúnaithe chruinn den chéad scoth a chur ar fáil, agus sa bhliain 2011, lainseálamar an bailiúchán Prestige, ár bpéint intí is fearr riamh. Thóg sé cúig bliana an phéint seo a fhorbairt, atá fíormharthanach, éasca le cur ar dhromchla agus a bhfuil bailchríoch neamhlonrach iontach aici – agus, dá réir sin, is í an phéint is fearr dár gcuid riamh.

SPIORAD BHUNAITHEOIRÍ FLEETWOOD

Tá an timpeallacht tábhachtach do scéal Fleetwood freisin, agus tá an fhoireann airdeallach i gcónaí ar éifeachtaí ár gcuid oibre ar an dúlra thart orainn. Déantar péint Fleetwood ar fad anseo in Éirinn agus bhíomar chun tosaigh maidir le haire a thabhairt don timpeallacht nádúrtha: an t-uisce, na lochanna, an dúlra agus an tírdhreach timpeall orainn.

Bhí Conor Doyle diongbháilte i dtaobh an chomhshaoil go luath. Roghnaíodh suíomh Fleetwood i gContae an Chabháin mar gheall ar an timpeallacht shuaimhneach agus ar an gcóngaracht do Loch Ramhar. Chuir Conor coill fuinseoige ar an suíomh in Achadh an Iúir agus maireann a oidhreacht fós. Na laethanta seo, tá foireann d’ochtar deonach de chuid Fleetwood atá ag leanúint eiseamláir Conor agus iad ag plandáil timpeall an tsuímh agus rinneadh cluainte ar mhaithe leis an bhfoireann agus leis an bhfiadhúlra araon. Agus déanann na deonaigh a ndícheall chun speiceas amháin atá faoi chosaint a chothú, planda neamhchoitianta darb ainm an gliográn.

Mar Stiúrthóir Bainistíochta, tá Stan Buckley ag leanúint oidhreacht Conor agus is eisean atá taobh thiar d’fhorbairt, de nua-aoisiú agus de mhéadú leanúnach ár gcomhlachta déantúsaíochta, agus cúraimí maidir leis an gcomhshaol fós ag barr an chláir oibre. Tá sé ina aidhm ag Fleetwood feabhas a chur ar a bhfuil timpeall air agus tá Stan ina threoraí ar an bpróiseas sin.

Cóireáiltear agus glantar an t-uisce a úsáidtear sa phróiseas táirgthe péinte le go mbainfear úsáid as arís, ciogal leanúnach a chinntíonn nach sceitheann rud ar bith ón monarcha. Tá an méid plaistigh a úsáidtear sa phacáistíocht laghdaithe againn agus tá ár stoc péinte ag bogadh ó channaí plaisteacha go cannaí miotail atá in-athchúrsáilte go buan. Tá ár línte soláthair níos lú ná iad siúd a thugtar isteach go hÉirinn, bainimid úsáid as comhlachtaí áitiúla seachadta, agus tá sé i gceist againn an fhoireann díolacháin ar fad a bhogadh go feithiclí leictreacha laistigh de chúpla bliain.

Agus ní beart bolscaireachta nó glasghlanadh soiniciúil atá i gceist ach oiread. Tá na hathruithe seo ag tarlú mar go bhfuil na ceisteanna seo tábhachtach d’fhoireann Fleetwood.

Spiorad atá ann a mbeadh Andrew, Brian agus Conor Doyle bródúil as…

Follow us online for infinite inspiration or speak with us directly by emailing us at info@fleetwood.ie or direct message us on our social media channels.

View Fleetwood Paints colours in real irish homes to help you with your next home decorating project Fleetwood instagram.